Cyphers Magazine

CYPHERS MAGAZINE

Publishing poetry, prose and art since 1975

I dTÚS NA nDÉAGA

By Pól Breathnach

Gearrchaille ’s stócach i dtús na ndéaga
faoi éadach rocach ar shop in éindí.

Caithriú na beirte: cíocha a’ péacadh,
fionnadh ag eascairt in ascaillí ’s i mbléine.

Fiosracht is fionnachtain, diurnú ’s freagairt,
tráthnóntaí samhraidh ’s a muintir sa gcathair.

B’ionadh liom do ghliondar is do ghníomha prasa.
Ghlac tú liom go corpartha; níor labhair ar easpa.

Phléasc tú i mo bhaclainn, freanga ar do ghnúis,
crith ar do ghéaga. Fuair tú mo thús,

is beannaím fós go buíoch thú, le glioscarnach mo shúl,
le dánaíocht mo ghlóir, le scafántacht mo shiúil.

Scroll to Top